Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 289](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1069%2FCBES_1069_289.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 289
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 289
- XML “Oíche Fhéile Eoin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leo chuig teine eile agus mar sin o theine go teine go rabh an lá ann agus b'fhéidir go mbéadh siad mílte ó bhaile ins an am sin.Tá cuid do na daoine dlisteannach de na sean gnásaí bhí baint leis an fhéile seo go foill acht is beag é. Lastar teine taoibh amuigh de'n teach agus cruinnigheann an teaghlach fá'n teine agus deirtear paidrín cúig ndeichneabhar déag. Lasfar coicheann as an teine annsin agus iomcharothar isteach i ngach cuibreann ins an t-seilbh é mar shúil go gcuirfeadh Naomh Eóin rath agus bláth ar bhárr an talaimh agus ar ghabhail i luighe bheirtear aibhleóg as an teine isteach 'un toighe le subháilce agus sonas a thabhairt fá'n teach agus fá na daoine go ceann bliadna. Deirtear an paidrín i n-áiteacha go fóill acht ní chleachtar na gnásai eile anois ar chór-ar-bith.