Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 294
- XML “Ag Tochartadh Ceirtlín Snáth”
- XML “Marcaíocht na Scuaibe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar bith anois. Nuair a bhíodh an tochairtadh déanta aici ach amháin an méid snáth a bhí crochta go h-urlár na h-áite deireadh sí "I n-ainm an Deamhain 'san Díabhail. Cé sin thíos ar bharr mo shnáithe? Ba é ceart and fhir a bhí ag gabhail dá pósadh freagra a thabhairt uirthi. Tá sé na bliadhanta fada ó cleachtuigheadh seo. Sílim gur cailín as an bhaile s'againne a rinne an cleas seo go deireannach agus mas fíor na seandaoine a chreidbheáil fuair sí sgánnrughadh. Nuair a chuir sí an cheist thug an fear freagra uirthi as an áite agus thuit sí i laige. D'áirigheadh daoine gur bé an díabhal a thug freagra uirthí. Tá sin cúpla sgór bliadhain o shoin.
- Cuireann cailín bolgam uisce i n-a béal agus théid sí thart ar an teach trí h-uaire ag marcuigheacht ar sguaib. Gnídh sí(leanann ar an chéad leathanach eile)