Scoil: Gort an Choirce

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easboic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 18

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 18

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 18
  3. XML “An Sagart Ó Fríghill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    chonnaic sé cailín óg 'na luighe marbh ar an urlár. D'imthigh sé leis go dtí an dara teach a casadh air agus fuair sé an sleaghán. Ar a theacht na bhaile dhó d'innis sé do na mhnaoí goidé mar bhí, agus go gcaithfheadh siad áirdiú leó no go mairbhfidh iad féin.
    D'imthigh siad leo annsin go dtáinic siad fhad le ceann an Chraoslaoigh. Rinn teach chomhnuidhe annsin acht ní raibh sásamh ar bith aca ann. siocair go raibh bunadh Mhaolmhuire an Bhata Bhuidhe 'na gcomhnuidhe annsin fosta. D'fágadar an áit sin agus ní thearn stad no comhnuidhe gur shriochadar an trian Uachtair. Rinn siad teach annsin agus ní raibh aon teach ní ba deise daobhtha ó sin go Gaoth Dobhair acht ceann a bhí i náit a -sean tíghe.
    Bhí triúr dearbhrathair ann, fear aca'na chomhnuidhe ar an Bhealtaine, fear ar an Árdaigh Mhóir agus an tríomhadh duine ar an Trian uachtair. Bhí na trí toighthe ar aghaidh a chéile sa chruth go bhfeicfeadh gach duine aca solus an duine eile.
    Ins an am sin ní raibh cead ag sagart ar bith aifreann a léigheamh i dtig an Phobail, agus ba ghnáthach leo aifreann a rádh imeasg na gcnoc i bhfollach ar na saighdiuirí, no bhí geallta do dhuine ar bith cúig phúnta ar cheann sagairt agus deich bpunta ar cheann easboic.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Dubhthaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Bhealtaine Íochtarach, Co. Dhún na nGall