Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 55](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_55.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 55
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 55
- XML “An Rógaire Bacach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An Bhean arís:-
D'freaghair bean a'tíghe arís é agus seo iad na paidreacha a dubhairt sí leis:- " Go mo seacht míle milliún measa a bhéas tú bliadhain ó indiu is ó amárach, a rógaire bacaigh, acht tá mise a'tabhairt fógra dhuit go beo tapaidh imtheacht ó mo dhoras nó leagfa mé an maide ort".
Ní raibh cosamhlacht ar bith ar an bhacach go raibh sé a cuimhniú a imtheacht acht do labhair an bhean an ath uair.
" Tá mé a tabhairt fógra dhuit an dara huair agus comhairle do leasa mar mbéidh tú imthiughthe ó mó dhoras a bhitheamhnaigh bacaigh, go sínfe mé súiste trasna do dhroma ort".
Easgaine an bhacaigh
Thoisigh an bhacach annsin ag loscadh mionna mór agus ag feannadh ar bhean a tíghe agus ar a cuid eallaigh. Seo iad na focla dubhairt sé:-
" Nár théidh na maodhain thar do chuid bó bainne
agus nár théidh an galra breach thar do chuid muc, go n'éirigh léim rúitín ag do chapall, an galra glúiníneach ar do chuid cearc, an fothach ar do chuid asla agus dí chéile ar do mhada".
" A chailleach thútach, rosach, rocach, chasta, a chailleach ghortach, chrosach, bhasach, nior thug tú greim aráin ariamh dó'n bhacach agus seo dhuit mo mhile mallacht".
Lean sí annsin é agus shathaidh sí an madadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peadar Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann