Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 331
- XML “Pigíní Ime i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Piginí ime i bfolachChá gcuirfeadh aon rud amach as cloignibh na sean daoine na háite seo nó gur an lochlannaigh a ba chionntach leis na píginí ime bheith curtha i bfolach. Gan aon amhras bhí bulaidh lámh ag na lochlannaigh ag deanamh ime agus a shábhail agus cupáiri maithe a bhí ionnta le na chois.Tá cuid mhór áiteanna comhgarach dúinn annseo i Mín Doire ina bhfuaireas pígini i dtaisce faoi'n talamh.Corradh is bliadhain ó shoin fuaireas pigín breágh ime nuair a bhíthear ag baint na mónadh san t-seanphortach ar an t-Sean-bhaile.
Seámus Mac Aoigh ( Tá sé beo agus deágh bheo go fóill) a bhí i gcionn an tsleáin agus a mhac Séamus óg ag cuir ar poill an bheirt fhear a fuair an taisgidh.
Shaoil siad i dtús báire gur i gcoinnibh smútan a bhuail Seámus mór an sleán leis an truip a bhain sé an pigín nuair a thainig sé ina éadán(leanann ar an chéad leathanach eile)