Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)

Suíomh:
Mín Doire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 349

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 349

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Doire
  2. XML Leathanach 349
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal Grinn
    Bhí gasraí ann ibhfad ó shoin, agus bá ghnáth leo a bheith ag imirt cronaí. Bhí cailleach sa chomhursanacht a rabh garradh cróna aici, agus bhi eagla uirthí go ngoidfeadh na gasraí uaithe iad, Bhain sí, na crónaí agus chuir sí isteach in mála iad. Thainic an bás ar an cailligh, d'iarr sí ar a chuid daoine muinnteardha mála na gcrónaí a chur isteach san uaigh léithe, mar nar mhaith léithe an sásamh sin a fhágailt ag na gasraibh.Oidhche amhain i ndiaidh seo bhí na gasraí ag imirt crónaí, agus rith na crónaí amach aca. Bhí gasúr amháin ann, agus dubhairt sé go rachadh sé godtí an áit a rabh an chailleach curtha. Is go dtógfadh sé mala na gcrónaí. Nuair a bhí sé ar an bhealach chasadh gasúr eile air. Chuir sé cheist ar an gasúr eile, an rachadh sé go dtí an áit a rabh an chailleach curtha, Dubhairt an gasúr eile go rabh seisean a gabhail a ghoid peata chaorach a bhí ag an tighearna Leithbhearr. D'fhosgail an chead
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Thuiridh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Doire, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Doire, Co. Dhún na nGall