Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 360](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_360.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 360
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 360
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhéadh air an sagart a d'oibrigh an miorbhailt a thabhairt suas do lucht an dlighe lá ar na bhárach. Nár bhrónach an scéal é. Dubhairt an sagart nach raibh sé ag iarraidh aon rud mar gheall ar an mhiorbhailt acht go ngealladh an lánamhain an chreideamh Chaitloiceach a ghlacadh chuca fhéin agus a dteaghlach. Bhaist sé iad in áit na mbonn. Chuaidh siad fá chomhnuidhe acht ní raibh intinn shuaimhneach ag an oifigeach nó ag na mhnaoi,
Smaointigh siad ar chleas chun cead a chinn athabhairt don sagart.
Dhéirigh an bheirt aca agus diarr siad ar an sagart a bhaint as na bonnaí agus bhain.
Sul a dteachaidh an t-oifigeach na bearraice ar maidin mharbh an bhean mart agus steall sí cuid den fhuil ar an oifigeach ar a aghaidh lámha agus ceirteach. Dinnis sé dó na h-árd oifigigh nuair a chuaidh sé na bearraice go bhfuair an sagart lámh-an-uachtair air agus gur éalaigh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Michéal Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muine Beag, Co. Dhún na nGall