Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 404
- XML “Déanamh Ciseán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deanamh ciseán.
Geárrtar turtóg mhór dhronuilleóige tuairim is trí troighthe bealach amhaín agus 2 1/2 troighthe an bealach eile. Bíonn sé 4 nó 6 orlaigh indoimhneacht.Saitfear na slatacha is láidir thart san dhronnuilleóig agus tuairim is dhá orlach isteach ón imeall. Bíonn na slatacha ar maos tamall fada roimh ré sá doigh nach furust iad a bhriseadh acht gur furust iad a lúbadh.
Bíonn an cionn is reimhre sáiththe síos san turtóig. Bheirtear na seascain ar na slait a cuirtear ináirde mar seo. Tosnuightear amuigh ag deilbhe na slatacha eile thart ortha
Ní deantar dearmad camógaí a fágail na láir. Siad sin na poill. Ghní siad an cliabh láidir agus furust a thógail dá gcurfaidh lán de ádhbhar throm ar bith Bíonn an toín le sniomh go fóill. Cuirtear isteach é nuair abhíonn an cliabh nó císean domhan go leór.