Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 429
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- LéighiseannaAn Déideadh:- Greim a fhághail ar frog agus é a chur isteach in do bhéal agus trí sgread a bhaint as. An Triuch:- An té go mbíonn an triuch air é a chur isteach faoi bholg asail trí h-uaire.Fiabhras Croidhe:- An té go mbíonn feabhras croidhe air. téidheann sé amach roimhe éirighe gréine ar maidin agus tomhaiseann sé é féin ar thalamh a bhéadh briste isteach go h-úr. na dheadh sin tarraingheann sé a anal.Béal Salach:- Duine na bhfacaidh a athair ariamh tá an léigheas ag an té sin. Séideann an duine isteach i mbéal an leinbh dhá uair déag agus In ainm an Athar, agus an Mhic agus an Spioraid Naomh a rádh le achan dhá shéid a ghníd tú.
- Bailitheoir
- Brighid Ní Thuiridh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall