Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 431
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Leighiseanna:-
An Triuth:- Fáightear arán ó lanamhan a bhí den tsloine amháin sul ar pósadh iad agus bheirtear é le h-ithe don té atá an triuth air.Léigheas Sleamhnán:- Gheobhtar dealg ó chrann spíonóg agus cuimlightear é trí huaire den t-sleamhnán agus a rádh le na linn sin:- In ainm an Athair agus an Mhic agus an Spiorad Naomh Amen. Agus nuair a bhíos sin deánta an dealg a chaitheamh thar dó ghualaín dheas.Léigheas Déididh:- Ag seapal Rága tá cros mhór ann agus dfhág Colum Cille annsin nuair a bhí sé ag dul isteach go Oileann Thóraigh. Tá an chros seo ceithre troighthe deág ar fhád, Tá scoilt mhór innti agus tá an lag seo lán creafóige. Cuirtear an chreafóg isteach ins an pholl atá san fhiacail agus imthigheann an phian. Ní thig le albanach ar bith an chreafóg seo a thógailt amach as an scoilt atá sa chros.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Brógáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Brógáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall