Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 448
- XML “An Gabha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gabha.Roimh seo badh ghnáthach leis na comharsanaí a sgiar de toradh na talmhan a fhagáil i gcoír na ghabhann. Nuair a bhaintí an coirce dfágtí stuca no dó ( 12 seapóg/punánn) i leataoibh dó. Mar i gceadna leis na preataí dfágtí lán mála céad no lán cléibhe ag na thigh.
Gach oidhche shathairn i rith a gheimhridh dfágtí dhá cheartlíon caíl aige fosta i gcóir an dinneára dó fheín agus a líon tighe ar an Domhnach na dhiaidh.Cha bhainfeadh an gabha aon rud amach annsin cionnus rudaí no uirlisí na comharsan a dheisiú i rith na bliadhna.
Siad na rudaí a bíodh i gceist nó maide briste a dheiseadh, spealanna a chrocadh, cáirr a chuir sna racaí i gcuid mhór áiteach sin í an cliath fhoirste a bhíodh ag na daoine chun an talamh a fhoirseadh. Baintear úsaid go foíll as uisge ceardchan mar léigheas ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tommy Mac Caisleán
- Inscne
- Fireann