Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Oisín 'ndiaidh na bFiann"." Lá amhain fadó ó shoin bhí na Fianna Éireann, thuas i lár na h-Éireann ag seilg. Nuair a bhí an lá thuas acú shuidh siad síos cois locha a dheanamh a sgithiste.
Bhí an ghrian ag soillsiú siar fríd an loch. Dubhairt duine acú leis an duine eile, cé a leanadh de'n t-soillsiú deas sin thiocfadh sé isteach go dtí áit dheas eignteacht . Eadar sin agus léir chonnaic siad ball geal ag tarraingt ortha. Shilfeá gur beathach bán a bhí ann agus marcach mná air. Nuair a tháinig sí fhad leobtha. " Is bréagh an gaiscidheach thú " adubhairt sí le Fionn Mac Cumhall. " Mise Méadhbha na Gruaige Ruaidhe. agus tá mo athair 'na rí ar Thír na h-Óige, agus tháinig mé le do mhac Oisín, a thabhairt liom agus mo bhfágaim é ní phosfaidh mé a'n fhear eile. "Tabhair léim ar mó chúl na níl mise ag gabhal a fhanacht níos fúide". Thug Óisín léim 'un tosaigh gan eagla ar bith. Thug leim ar a cúl. D'fhág slán ag Fionn agus a mhór shlóighthe. D'imthigh siad leobha ins na rí ruagán 's na ruagán reatha, 's na rí ruagán, 's na rí ruagán 's na ruagán reatha na mbéirfeadh siabán de'n ghaoith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brian Ó Comhgaill
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall