Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 594
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luibh na bó:- Geibhtear an luibh seo in aice na fairrge in-áit in a bhfuil an tsáile ag teacht isteach air. Baintear é agus nighthear an gaineamh as. Beirbhightear é agus tugtar an tuisge beirbhighthe go [?] lag tanaidhe chun í do leighis.Luibh na gCaorach:- Fásann an luibh se ins an ngainimh freisin. Bíonn blath bi [?] uirthi agus núair a itheann an caora ritheann sí go dtí sruthán agus leanann ag ól uisge go dtí go bpléasgann sí.
Muing - Bharra:- Duilleóga beaga a fhá [?] cois na claidhthibh iseadh iad so. Piochtar [?] agus cuirtear in-aice na teine iad go dtí go mbíonn siad te agus annsin cuirtear ar cos capaill a bhéadh aite air(leanann ar an chéad leathanach eile)