Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 629
- XML “Inis Gluaire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá oileán beag timcheall is seacht míle ó'n áit seo ar a dtugtar Inis Gluaire. Níl ann acht fiche acra talmhan agus tá an chuid is mó de fé carraigreacha agus fé gainimh. Tá sé dhá mhíle ó'n Geata Mór amuig san bhfairrge. Is beag atá sí níos aoirde ná an fhairrge féin. Díreach ar a aghaidh amach tá fothracha Sean-Mainistreach na Crosaire.Is ann a bhí Naomh Mochaomhóg ina chómhnuidhe ina aonar. Tá fothracha a chillín le feiceáil ann fós. Deirtear gur bheannuigh sé leath an oileáin agus gur ruaig sé na lucha agus na franncaigh agus na piastí amach as agus gur imthigh siad isteach ins an leath eile. Nuair a bhíonn duine ag déanamh tighe nua théigheann sé go dtí an leath atá beannuighthe agus tógann sé cuid de'n gainimh leis. Deirtear nach mbéadh luch nó franncach ins an dteach sin.Timcheall an oileáin sin atá Iris Domhanaigh agus is ann a chaith na ceithre(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gionnachtaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo