Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 633
- XML “Tithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mar seo a rinneadh na tighthe i n-Iorrus fadó agus ta cuid aca le feiceál ann fós. Théighidís go dtí an bportach agus gearraidís na mílte scráith.
Thógaidis go dtí áit árd tirm iad. Ghnídís fallaí díobh. Ní raibh fuinneóg ná doras ionnta acht bhíodh puill ins na fallaibh chun an t-aer a leigint amach agus isteach agus bhíodh poll mór ann le haghaidh dorais. Dóbadh na fallaí le láthaigh agus rinneadh an turlár de láthaifh freisin. Rinneadh na fallaí suas díreach agus chuireadh aiteann ar a mbárr agus chuireadh scráitheanna fada treasna ortha. Annsin chuireadh an tuighe air agus ceangaltaoí é le sugánaibh. Leigtí poll ina láir chun an deataigh a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciaragáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo