Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)
- Suíomh:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ná tabhair breith ar an chéad sgéal go mbeirfidh an taobh eile ort.
An áit a mbíonn toit bíonn teine an áit a mbíonn teine bíonn teas.
Gáire maith is codladh fada an dá léigheas is fearr i leabhar an dochtura.
An té nach n-ólann ach uisge ní bíonn sé ar meisge.
Tá leachacha an toighe mór sleamhain.
Ghníthear dearmad de'n arán itthe.
Is fearr fuaigheal brachain ná fuaigheál a mhagaidh.
Is maith an té a choimheadhas a ghnoithe féin.
Níl fhios agat caidé is fiú uisge go mbeidh an tobar tirm.
Má threabhann tú an domhain bhéidh choirce agus préataí go leór le díol agat
Éist le fuaim na h-abhanna agus geobhadh tú breac.
Chá dtáinig an t-olc ariamh na ndéanfadh maith.
Is olc an teine nach dtiocfadh lásóg air.
Ar meal leis féin a gníos an cat crónáil.
Coinnigh do siopa agus coinneóchaidh an siopa thusa.
Ná bí ró-dhana ar an fhairrge.
Cam díreach an ród sé an bealach mór an aithghiorra.
Is fearr cleas amháin maith na lán mála de cleasannaí gan maith.
An té a bhuailtear sa chionn bíonn eagla air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Shearcaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maighreadh Ní Shearcaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 44
- Seoladh
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall