Scoil: Más an Easa (B.) (uimhir rolla 14775)

Suíomh:
Más an Easa, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Prionnseas Mac Carraigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Más an Easa (B.)
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Bréaga Éireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mé gréim air, agus chuir mé mo lámh isteach in a bhéal agus thionntuigh mé an taobh dearg de amach. Chaith mé suas é ar mhullach an toighe é agus char stad mé de’n rása go dtug mé léim Easán Aoidh Ruaidh.
    Bhi sean-bhean annsin agus í ag bódhar-chaoineadh. D’iarr mé uirthi caidé bhí cearr leithe.
    “Caidén mhaith a innse duit-sé” ars an t-sean-bhean.
    “Innis damh, agus b’fheidir go dtiocfadh rud éiginteacht a dhéanamh duit”.
    “Tá mo mhac le cróchadh imbárach, mara bhfuigheann an Rí duine éigineacht a innreócas bréag do go dtugadh sé a h-éitheach trí h-uaire”.
    “Dheánfaidh mé mo dhícheall do mhac a shábhail”.
    [Thigh]? mé mo chosa agus mo lámha agus chuaidh mé i luighe. Ba luath a thainig lá thar na bhárach. Ba luaithe ná sin abhí mé ar mo chois. “Ta mé ag dul a chainnt leis an Rí anois” arsa mise leis an t-sean-bhean
    Chuaidh mé isteach chuig an Rí,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Frank Mc Carry
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Teacher (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Mrs Anne Sheils
    Inscne
    Baineann
    Aois
    72
    Seoladh
    An Caiseal Mór, Co. Dhún na nGall