Scoil: An Mhaol Rua (Mulray) (uimhir rolla 13638)
- Suíomh:
- Duibhleann Riach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Gallcobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá moran aiteacha fa'n aít seo ata bastuighthe nidiaid na h-Aimsire seo cosamhail le1) Creig na h-Altóra
2) Alt na h-Altóra
3) Paírc na hAltora
4) An Scalán
Lá amháín bhí sagart indiaid an Aifrinn a rádh agus caide tcí sé acht na saighdiuirí ag teacht.Tarraing bean an seál dí agus cuir ar an tsagart é. Shuidhe an sagairt ag cois an claide ag leigeunt air gur sean-bean a bhí ann. Chuaidh duine de na saighdiuirí suas fhad leis agus dubhairt "éirigh amach as sin a Sean-Bhean" le fios a thabhairt do gur aithinn sé é, agus leig do amrain. (?) Saighdhiuir maith abhí ann.Tá áit eile shuas i dTullach agus tá an Altoir le feiceal ann go foill san aith ar léigh an sagart Aifreain ar an chnoc.Am eile bhí na saighdiuirí indiaid sagairt agus rith sé thart ag an fairrge.Bhí fear ag baint fainmnigh agus cuimdaigh (?) sé an Sagart le feamnach. Chonnaic na Saigdhiuiri agus ní rabh an Sagart le feiceal agus D'imtigh siad agus thainic sé slán.- Bailitheoir
- Aodh Ó Buidhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tulach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Buidhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Tulach, Co. Dhún na nGall