Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 179
- XML “Díol agus Ceannacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ní cheannuigheadh siad moran earraidhe.
I bhfad ó shoin ba ghnathach leis na daoine earraidhe a thabhairt mar mhalairt ar earraidhe eile, mar nach mbíodh airgead aca leis na h-earraidhe a bhíodh a dhith ortha a cheannacht. I bhfad ó shoin ba ghnathach leis na daoine laethe oibre a thabhairt ar earraidhe fosta. Ba ghnathach leis na daoine i bhfad ó shoin earraidhe a cheannact ar an Domhnach acht níor ghnathach leobhtha a dhath a dhíol ar an Domhnach. Shaoil na daoine go rabh mí adh ar an airgead a gheibheadh siad Dia Domhnaigh ba ghnathach le margadh a bheith i nDoire Chasain agus i gCluain tSaileach agus ba ghnathach leis na daoine cearca agus lachainn agus géacha agus gach seórt copaid an talaim a dhíol ag na margaidh sin. I bhfad ó shoin ba ghnathach le peidleirí agus hucstaeirí agus mangairí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Buadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Pháidin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall