Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1079, Leathanach 72](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1079%2FCBES_1079_72.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1079, Leathanach 72
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 72
- XML “Concubhar Mac Neasa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a amharc air. D'iarr an doctúir gan a dhath a leigint a chóir a chuirfeadh iongantas air agus aire mhaith a thabhairt do, agus rinne siad sin. Lá amháin ní rabh duine ar bith istaigh acht Concubhair é féin. D'éirigh storm mór agus d'éirigh an spéir dórcha agus bhí an teach ar chrith. Thainig draoi isteach chuig Concubhair agus d'fhiafruigh Concubhar dó cad chuige a rabh stoirm mhór ann, agus d'innis an draoi dó gur cuireadh Mac Dé 'un báis ins an domhain thoir.
Nuair a chualaidh Concubhar seo, thug se leis a chladheamh agus d'imthigh sé amach agus thoisigh sé a ghearradh na crainn leis an chlaidheamh. Dubhairt sé da mbéadh seisean ar Sliabh Calbhaire nach leigfeadh sé do na saighduirí Mac Dé a chur 'un báis. Thuit an cnapán inchinn amach as clár a éadan agus thuit sé marbh. Ba é an chéad duine é a fuair bás ar son a chreidimh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Chathain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall