Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig Airt
- XML Leathanach 198
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal.Bhí fear ann aon uair amháin agus ba maith leis ciseán óir a bheith aige. Ní rabh fhios aige caidé le deanamh. Bhí sé amuigh oidhche amháin go máll agus thainig fear beag fad leis D’fiafruigh an fear beag de’n fhear caidé bhí air. Dubhairt an fear go mhaith leis ciseán óir a bheith aige. D’innis an fear beag do cá rabh ciseán. Fuair an fear an ciseán agus chuaidh sé na bhaile. An lá thar na mhárach thainig an fear beag agus d’iarr sé ár an ciseán a thabhairt do. Dubhairt an fear beag dá mbéadh fhios aige a ainm go dtiocfadh leis é a chongbhailt. Thug sé trí lá do leis a ainm a bhí aige. Thainig an fear beag ar an tríomhadh lá agus bhí fhios ag an fear eile a ainm. D’iarr sé ár an bhfear an ciseán a choinneál. D’imthigh an fear beag na bhaile. Tá an ciseán ag an fhear eile ó’n lá sin go dtí an lá indiu.
- Faisnéiseoir
- Éamonn Mac Fhionnlaoigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Scéal.Chulaidh muid uilig fá an rud a tharluighe in Ára Mhóir. Bhí na daoine uilig sa bhád agus do chuaidh an bád síos. Bhí an fhairrge an scáire, agus bhí an bád ag dul anonn agus análl. Bhí cuid aca ag ceól cuid aca ag damhsa.