School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bean isteach agus bhí lámh an mhóir uirthi. D’fhiafruigh sí do’n ghiorsach cá tuige a rabh sí ag caoineadh agus dubhairt sise nach rabh sí abalta snáth a dheanadh do’n ólainn. Dubhairt an bhean seo go ndéanfadh sise snáth do’n ólainn dá n-iarrfadh sí í lá na bainnse an lá a phosfaidh í ar mhac an Rí. Dubhairt sise go n-iarrfadh agus rinne sí an snáth.
Nuair a thainig mathair an Rí isteach bhí luthghair mhór uirthi an méid snáth a bhí deanta aici. An dara lá thúg sí í isteach i-seomra eile agus d’iarr uirthi éadach a dhéanadh do’n i-snáth a sníomh sí lá roimhe sin agus bhí scól ann le í éadach a dheanadh do’n t-snáth. Ní fheacaidh an cailin seo scól ariamh agus ní rabh fhios aicí caide’n dóigh leis an éadach a dheanadh. Shuidh sí annsin agus thoisigh sí a chaoineadh. Ní rabh sí i bhfad na suidhe go dtáinig bean isteach agus bhí cos uirthi a bhí an mhór. D’fhiafruigh an bhean duithe cá tuige a rabh sí ag caoineadh agus dubhairt sí gur iarr mathair an Rí uirthi éadach a dhéanadh do’n t-snáth, agus nach rabh sí abalta é a dhéanadh.
Dubhairt an bhean seo go ndeanfadh sí é da n-iarrfadh sí í an lá a bhéadh sí le posadh ar mac an Rí. Dubhairt sise go n-iarrfadh. Thainig mathair an Rí isteach agus bhí luthghair mhór uirthi an obair a bhí deanta aici. An triomhadh lá thainig mathair an Rí isteach aici agus diarr sí uirthi léinteacha a dheanadh do’n éadach a rinne sí. Thúg sí siosar, snáth agus snathad isteach aici agus d’iarr sí uirthi na léinteacha a dheanadh. Ní déar an cáilin seo leine ariamh agus shúidh annsin a chaoineadh. Ní rabh sí i bhfad na suidhe go dtainig bean isteach agus bhí srón an mhóir uirthi. D’fhiafruigh sí duithe ca tuige a rabh sí ag caoineadh. Dubhairt sí “nach rabh sí abalta léinteacha do’n(continues on next page)- Collector
- Naos Mac Laithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall