Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Bhean Fhallsach.Bhí bean agus a inghean ann aon úair amhain agus bhí siad na chomhnuidhe i dteach beag leobhtha féin. Bhí an inghean seo comh fallsach sin agus ní dheanfadh sí obair ar bith dó na mathair agus ní rabh fhios aici caidé a b’fhearr duithe a dheanadh leithe. Lá amhain thainig fearg mhor ar an mhathair agus thóg sí bata agus bhuail sí an inghean i mullaigh na cloigne agus thoisigh an inghean a chaoineadh go h-ard agus bhí an inghean ag caoineadh go h-árd sin agus gur chualaidh mac an Rí í. Thainíg sé isteach agus d’fhiafruigh sé do’n mhathair caidé a bhí cearr leis an inghean.
Dubhairt an mhathair go rabh sí go maith sin ag obair agus gur b’éigean duithe í a bhuaileadh. D’iarr mac an Rí uirthi í a leigeant leisean cupla seachtmhain go b’fheicheadh a mhathair í. “Caide a dheanfainn féin” arsa an mhathair mar ní bhéadh duine ar bith agam leis an obair a dheanadh. Thoisigh mac an Rí ag iarraidh a iarraidh an inghean agus ins an deireadh léig an mhathair í agus d’imthigh an bheirt aca go dtí Palus an Rí agus shíl an ghiorsach go rabh áit dheas ann rud a bhí. Bhí luthghair mhór ar mhathair an Rí í a fheicealt.
Fá chionn cupla lá thúg mathair an Rí í isteach i seomra fá choinne ólainn a sníomh. Thosuigh an inghean sníomh acht ní fheacaidh sí túirne ariamh agus thosuigh sí a iarraidh snáth a dheanadh do’n ólainn acht gach úair a iarrfadh sí an ólainn a chur isteach rachadh an tuirne thart gach bealach. Shúidh sí annsin agus thoisigh sí a chaoineadh. Ní rabh sí i bhfad na súidhe go dtainig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Naos Mac Laithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Donegal