School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Maol Muire agus an Goban Saor.Nuair a bhí Maol Muire ag tógail a chaislean bhí saor cloch aige dar bh’ainm Goban Saor. Bhí sé ag faghail ar aghaidh go maith leis an obair. Oidhche amhain nuair a bhí an caislean comhair a bheith togtha chualaidh an Goban Saor Maelmordha ag radh go rabh sé ag gabhail a chur spéice ar a bharr le é a chrothadh. Ar maidin lá ar na bharach chuaidh an Goban Saor na bhaile chuig a bhean agus d’innis sé dí caide a chualaidh sé. Dubhairt sé go gcuirfeadh seisean teachtaire chuicí nuair a thaiseochadh sé ar an spéice agus go n-iarrfadh sé air a leithead seo do iarraidh. Annsin chuaidh sé arais chuig a chuid oibre.
Nuair a bhí sé ag deanadh an spéice d’innis sé nach dtiocfadh leis faghail ar aghaidh leis an obair muna bfhuigheadh sé rud a bhí ins an bhaile ins an chiste mhór ag na mhnaoí. Dubhairt Maelmordha go gcuirfeadh sé teachtaire fa choinne sin ait dubhairt an Goban Saor go gcaithfeadh sé a mhac a chur.
Nuair a bhí an mac reidhe le h-imtheacht d’fhiafruigh sé de’n Ghoban t-Saor caide a bhí a dhioghail air. Dubhairt an Goban Saor leis a radh le na bhean go rabh seisean ag iarraidh charr i naghaidh cuim agus cuim in agaidh an charr. Dimthigh mac Mhaelmordha annsin agus d’innis sé don bhean caide a bhí sé a iarraidh. Dubhairt sise go rabh sé shios ar thoin an chiste mhóir agus thug sí cathaoir do le sineadh síos fhad leis. Nuair a fuair sí é cromtha sios chuir sí a da laimh leis agus caith sí isteach san chiste é.
Dubhairt sí go mbeadh sé annsin go bfhuigheadh sí a fear arais, agus dhruid sí an ciste. Nuair a chualaidh Maelmordha fa na mhac bhí buaidhreadh mór air, agus chuaidh sé(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Conchubhair
- Gender
- Male
- Address
- Cnoc na Muirleog, Co. Dhún na nGall