Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 366
- XML “Maolrúnaigh Ó Grádain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sin suidhte fa thuairm ar dhá mhíle go leith os cionn Caisleán Gleann Bheathach, coille Mhaolrúnaigh.Bhí sé na chomhnuidhe annsin. Badh é Árd Ollamh na pagannáigh é.Bhí sin aige 'na chomhnuidhe i gcosanlacht mná t-Anspiorad.Ach nuair a bhuail an bás é chuir ard Tighearna aingeal chuige. Lás an t-Aingeal coinneall agus d'iarr air smaointeadh ar fein. Nuair a bhí an coinneall chor a bheith dóighte chuir sé céist air ar athruigh sé a innteann. "Sé an freagar a thug sé air, "Mar dhóigh mé an coinneall dóighfidh me an t-orla."Dubhairt sé annsin leis go bhfuigheadh sé bás do'n tart.
"Ní fhághann fhad is tá uisge i Loch Bheathac."
Thainig air an tart agus ní thiocfadh leis deoch a fhághailt i Loch Bheathach.Tharraing sé ins na fathach fásaigh ar Loch a' tSeasgain Mhóir. Chan fhuair sé deoch annsin ach oiread, agus shiubhail sé leis go Loch-a's-Allt.Cé-ab- ar bith a bhí cearr chan fhuair sé deoch annsin ach oiread.Phill sé arais 'un an t-Seasgain Mhóir agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodh Ó Duibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Srath Greadaithe, Co. Dhún na nGall