Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 399
- XML “Creag an Dúin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sé suidhte ar an Dún, i bparoiste an Tearmoinn ar imeall an bhealaigh mhóir, ag taobh Tobar an Dúin. Tá stair arsa agus féimeamhail ag an chreig cheadna.Badh ar an chreig seo a chuirtí an coroin ar ríghte Thír Chonaill, ó aimsir Chonall Ghulbain; an chead Rí a cuireadh an coroin air sa Chondae, anus go dtí aimsir Aoidh Ruaidh O Domhnaill.Badh é Cathair Óg Ó Docharthaigh, rí Innis Eoin, an Rí deireannach a cuireadh an coróin ar (?) an Creag an Dúin.Tá sean Mhainistir suidhte ig Cill-mhic-nEanainn, a bhfuil trácht air sa sgéal atá ag baint leis an tÁrd Léíghtheór Ua Frighil.Badh é Abb na Mainistreach sin a chuireadh an Coróin ar Righte Thír Chonaill, o aimsir Cholmcille anuas.Chuireadh an tAbb slat saileóige chomh bán leis an tsneachta, i láimh an Riogh. Thionntóchadh an Rí thart an fíor mhullach na Creige, d'amharcódhadh ins na ceithre Áird agus é ag congbhailt greama ar an tslat bhán os coinne Clann Conaill.Annsin chuireadh an tAbb an coróin ar Rí Thír Chonaill.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Aodh Ó Duibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)