Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)
- Suíomh:
- Creamhros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Colm Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- FIR LAIDREBhí fear i nGort ná Corr uair amhaín darb' ainm Eadhmon Ua Fhrighil agus thiocfadh leis dhá mheadhchain caoga a sé punnta an ceann a thógail i lámh amhaín.
Bhí fear i Ros Circ da b'ainm Pádruig Ua Ceallachaín agus thiocfadh leis seisreach a thógail i lamh amhaín agus é caitheamh uaidh.
Bhí fear i Murrim dar b'ainm Liam Ua Ceallacháin agus thiocfadh leis inneon a thógall le a fiacla. Pádruig Ua Gallacobhair as Gleann Fanada, thiocfadh leis mála fiche cloch meadhchain a chaiteamh suas ar thrucall.
Aodh Mac Suibhne as Corraigh, d'iomchar sé mála fiche a seacht cloch meadhchain suas dreimire go dtí sciobol. D'iomchur sé pota ceithre galún deug as Doire go Port an t-Salainn.
FIR MAITHE SIUBHALMichéal Mac Giolla Cearr as Claggan thiochfadh leis siubhal go Leithir Ceanainn agus arais i lá amhaín, - fad fiche a ceathair míle ó seo.
Enrí Art as Ceathramha Blaíth shiubhladh sé ó Gleann Eala go bárr Shliabh Mucaois an uile tá - fad ceathracha míle.(leanann ar an chéad leathanach eile)