School: Cruach Ros (roll number 15532)
- Location:
- Creamhros, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Colm Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach Ros
- XML Page 037
- XML “Scéaltaí Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí Ioseph an Mhathair, agus an leanbh ag teicheadh go h-Eigipt chuaidh siad thar fear ag crathadh síl. D'iarr siad air dá dtigeadh saighdiuirí thart ag cur ceiste fa triúr daoine a rádh leobhtha go dteachaidh siad thart nuair a bh i sé ag cur an cóirce seo. Tamall in a dhiaidh sin thainic cuid saighdiúirí Heorod agus churi ceist ar an fhear an bhfacaidh sé fear, bean agus páiste ag dul an bhealaigh. Ar an bhomaite sin chuaidh an coirce i gcraoibh
Dubhairt an fear go dteachaidh siad thart nuair a bhí sé ag cur an choirce seo. Sahoil ná saighdiurí go mba ' fhada ar shiubhal iad agus phill siad abhaile.Ar a mbealach go hEigipt tharla go dtainic ná saighdiúirí comhgarách d o "An Triúr". Chuaidh siad isteach in uaimh ar a sheacnadh. Thainic dubhan-alla agus shníomhm greasaín ar beal ná h-uaimhe. Nuair a thainic ná saighdiuirí go dtí an uaimh chonnaic siad an greásán agus shaoil siad nach mbeadh duine ar bith ann agus d'imthigh siad.