School: Cruach Ros (roll number 15532)
- Location:
- Creamhros, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Colm Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach Ros
- XML Page 034
- XML “Daoine Cáiliúla - Fir Láidre”
- XML “Na Fianna - Cloch Fhinn Mhic Cumhaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus d'innsigheadh dó ná Catoilicigh nuair a bhéadh ná saighdiuirí ag teacht ar a dtoír.
- Tá cloch thíos ar Tráigh Stocair agus bheirtear "Cloch Fhinn Mhic Cumhaill" uirthí. Deirtear gur chaith Fionn í ó Inis Eoghain thrasná ná Súilighe.
Tá cloch in Ara Aodhaire a bheirtear an "Cloch Mhór" uirthí. Deirtear gur chaith Fionn í fosta ó Inis Eoghain.
Deirtear go bhfuil fear de ná Fiannaibh curtha ar bhárr Chnoc Murrin. Tá scéal ag ná sean daoine go dtainic fear dé ná Fiannaibh ó'n saoghal eile agus nuair a chonnaice sé an méid abhí ins ná fir a bhí annseo thoisigh sé ag gaíridhe agus rinn sé oiread gháiridhe is go bhfuair sé bás. Cuireadh é ar bhárr an chnuic.
Tá áit ar an taoibh eile dé'n Mhaoil Ruaidh dar b'ainm Ros Goill. Deirtear gur ó Goll Mac Mórna fear de ná Fianaibh a fuair an aít a h-ainm.