Scoil: Cruach Ros (uimhir rolla 15532)
- Suíomh:
- Creamhros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Colm Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cruach Ros
- XML Leathanach 031
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cailín aimsire siar go Ros ná Cille le feiceal an rabh siad thart. Cailín simplidhe a bhí innntí agus chuaidh sí siar agus isteach sa bhearaic. Dubhairt sí go rabh a maighistear ag dul a dhéanamh poitín agus chuir sé í siar go bhfeicfeadh sí an rabh siad fa theach. Cheistigh ná poilíní í agus fuair amach ainm a mhaighistire agus fuair siad greim air.
- 8) Bhí bean annseo le beagan léíghinn. Chuaidh sí go dtí an maighistear scoile le leitir a scriobhadh duithe. Nuair abhí deireadh scríobhtha aige d'fhiafruigh sé dúithe an rabh rud ar bith eile ar mhaith léithe cur síos. Dubhairt sí nach rabh acht go díreach le rádh a pardún a ghlacadh fa droch-scríobhneoracht agus foclaí leitruighthe mí-cheart.
- 9) Fuair fear as seo ólta i nDoire agus chaill sé a traen. Chuaidh sé isteach i roilig agus codluigh inaice tumba. Ar maidin mhusguil sé agus d'amharc thart. Arsa seisean, "Bhí mé mall ag an traen aréir agus anois tá mé mall dó Lá an Bhreitheamhnais."