Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 112
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad thart ar an bó é nuair atá sí bhreith.Cualaidh mé sgéal i dtaoibh de fhear dárbh ainm Aodh Mac Suibhne as Tullach-na-Dála a bhí ag dul 'un aonaigh maidín amáin go luath. Nuair a bhí sé giota, casadh bean air agus i ag tarraingt rópa na dhiaidh agus í g rádh, "Come all to me," "come all to me." Táinig eagla ar an fhear agus dubhairt sé le cuideachta "The half to me." Ar a theacht na bhaile dó tráthnóna d'innis a bhean dó caidé thárla nach rabh ar oiread soithigh sa teach agus a chuinneochadh an bainne.Chuaidh fear isteach i dteach lá amháin agus bhí muc sa choirneál tinn. Bhí sé ráidhthe go rabh droch-shúil ag an fhear,ach cáide thárla ach chuaid a' mhuc ar fhiadhian agus dubhairt muinntir an toighe go ndearn an fhear droch-shúil uirthí. Dá n-abrochadh an fhear "Go rathaidh an Rí an mhuc," ní bhéadh dochar san droch-shúil.Roimhe seo dá gcaillfeadh na ba(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhorráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Dorráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall