Scoil: Caiseal (2)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 12

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1092, Leathanach 12

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 12
  3. XML “An Drochshaol”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Droch-shaoghal.
    luigh an droch-shaoghal go trom ar an cheanntar.
    Tháinig fear bocht isteach i dteach i mbaile Gort-na-Trágha i n-aimsear na "Sgidean" no aimsir an droch-shaoghail. D'iarr an fear bocht giota árain ó mhuinntir an toighe; dubhairt muinntir an toighe nach rábh pioc árain nó bidh ar bith acu. Nuair a chualaidh an fear bocht seo, thuit sé i gcnap ag doras an toighe. Nuair a chonnaic muinntir an toighe seo caidé thárla dó'n fhear-bocht, thoisigh siad ag gearradh preataí sgálta agus dá rósadh agus dá gcur isteach i mbéal an fhir go dtí go dtug siad thart é san deireadh.
    Mheát na preataí nuair a bhí siad curtha san talamh. "Lombards" an t-ainm a bhí ar an t-síol a bhí curtha ag na daoine an t-am sin.
    Chá raibh iomrádh ar bith ar tae an bliadhan sin chá raibh dadadh le h-ithe ag na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Treasa Ní Fhríghil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Prionnsis Mac Giolla Cheara
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    Gort na Trá, Co. Dhún na nGall