Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 445
- XML “Tobar na nAingeal i bParóiste Ghleann Fhinne”
- XML “Paidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an tobar seo thall i mBaile Chiarragain. Tá na cnuic thart ar uilig, agus dá mbeitheá annsin ag dul ó sholus do bhéadh eagla ort thaibhre na cnuic atá thart air. Deir na sean-daoine go rabh sagart ag leigheamh Aifrinn annseo in aimsir na Pionamhla. Bhí fir ag coimhead agus i lár an Aifrinn chonnaic siad na cótái dearga ag bárr cnuic na h-Áilte Peiste. D'imthigh na daoine a bhí ag Aifrinn uilig ach seisear no seachtar. Tháinig na saighdiuirí ach ní thiocfadh leobhtha rud ar bith a fheicéal. Deirtear gur chuir na h-Aingle sgáth ortha. Roimh lá Béaltaine téidh daoine annsin le turas a dhéanamh. Théidh siad thart seacht n-uaire fan tobar ag rádh deichnear d'en pháidrín gach uair.
- Bailitheoir
- Caitlín Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann
- Naomh Anna mathair-mhór ar Shlanuightheóír, impighimid thú, guidhe ar ár son-sa. leis an dólas a fuair tú an t-am a fuair Mac dó Inghian cheasadh, ceas ar n-inntine ar láis (?) ar Slánuightheoir gó bráth
(Mé fhéin a chum. P. Mac A)- Bailitheoir
- Pádraig Mac Ailin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)