Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 469
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Nuair a tháinig an tóir ar an Dálach d'iarr sé ar Albanach a mhac a choinneailt.”
(ar lean ón leathanach roimhe)annsin agus diarr sé ar mac na baintreabhaighe inghean an ríogh a phósadh. Ghléas seisean carranaí is cóistí gur bhain sé amach teach an ríogh. D’Fhiafruigh inghean an ríogh cé an fear a rabh (seise) sise dul a phósadh. Dubhairt mac na baintreabhaighe gur eisean an fear. Diarr inghean an ríogh ar annsin a lámh dheas a thógailt go bhfeicfeadh sí an ball dearg a bhí faoi na ascall ar taobh dheas. Bhí fhios aige nach rabh ball dearg ar agus d’imthigh seisean na bhaile is b’éigean don Dálach gabhail un tosuigh agus inghean an ríogh a phósadh. Bhí an ríogh aosta agus thug sé suas a ríoghacht mar oighreacht don Dálach. Bhí fear ó Mhullach na Mine i bpríosún i dTúirc agus ar chloisint do go rabh rí úr ar an Túirc chuir sé teachtaireacht aige. D’orduigh an Dálach do na saighdiuirí é a leigint amach as an phríosún agus é a thabhairt as a choinne. Rinneadh seo, d’Fhiafruigh an Dálach cé an tír ar b’as é. Dubhairt seisean gur is Tír Chonaill é. Diarr an Dálach ar annsin a dul arais go h-Éireann is an dá chapall a bfearr a bhí a dTír Chonaill a cheannacht agus bliadhain ón lá sin iad a bheith aige i gcuan Dhúin-na-nGall nó go rachadh sé fhéin arais go h-Éirinn fan am sin agus go mbéadh an dá bheathach a dhith ar. Tháinig an lá is tháinig an long is an Dálach uirthi go dtí cuan Dhún-na-nGall. Bhí fear Mhullach na Mine annsin roimhe agus an dá chapall aige. Chuaidh an bheirt aca ag marcuigheacht is chuaidh siad go dtí caisleán a athara is chuaidh siad thart fan chaisleán fá thrí. Annsin bhain sé an cuan amach agus phill sé arais go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Néill
- Inscne
- Baineann