Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn aonach ar an Bhrocaigh ar an naomhadh lá déag de chan mhí. Madin an lae sin bíónn cuid mhór daoine agus eallach agus caoraigh leóbhtha le feiceál ag dul in aonaigh. Téigheann daoine ann an lá sin ag díol éadaigh óraistí ubhlaí milseán agus cuid mhór rudaí eile. Bíonn na daoine a bhfuil síopaí aca ag díol cuid mhór an lá sin. Bíonn aontaigh móra ann ins an Fhóghmhar, ach ní bhíonn siad comh mór sin ins an gheimhreadh. Bíonn capaill le díol ann ins an Earrach mar bhionn treabhadh le déanamh ag na feirmeoirí. Bíonn cuid mhór daoine ag déanamh tae an lá sin. Thig cuid de na daoine na bhaile ag an dó dhéag agus cuid eile aca ins an tráthnóna. Na daoine a bhíos ólta ní thig siad na bhaile ar feadh cúpla lá
- Bailitheoir
- Caitlín Nic na Midhe
- Inscne
- Baineann