Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 513
- XML “Oíche Fhéile Bríde i Mo Cheantar féin”
- XML “An tAonach i mo Cheantar féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus a mbolacht a shabhall go cionn bliadhna.
- Tá an tAonach in mó cheanntar ar an Bhrocaigh. Tuiteann sé ar an naomhadh lá déag de achan mhí. Téigheann daoine ann le eallach agus caorigh a cheannacht agus a n-díol. Bíonn daoine ann agus gluaisteán leo agus iad ag díol éadach agus bróga. Bíonn cuid mhór daoine ag ól istoigh ins na toighthibh leana. Bíonn cuid aca ag troid fa airgid. Bíonn siad ag déanamh tae i gcuid de na toighthibh. Bíonn caoirigh, eállach, capaill, trucaill, agus gluaisteán ar an aonach. Bíonn na ba ar mhargadh an an eállaigh. Bíonn na caoirigh ar thaoibh an bhealaigh mhóir.Tá trí theach leanna ar an Bhrocaigh agus tá siad ag déanamh tae a dha theach. Bíonn cuid mhóir caiple ar an aonach ins an Éarrach. Mar tá cuid mhór oibre le(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Gráinne Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann