Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 551
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Am amháin tháinig na h-éanacha uilig le chéile go bhfeicfeadh siad cé a bhéidh na rí.”
Sean Sgéal.Am amháin tháinig na h-éanacha uilig le chéile go bhfeicfeadh siad (go mbéadh an ean) cé a béidh na rí. Ins an deireadh dubhairt siad go mbéadh an éan a rachadh suas is fuide san aer go mbéadh sé na rí. Thosuigh siad annsin ag eiteal suas Nuair a bhí siad tuirseach ní rabh éan ar ábalta a gabhail níos fuide. Sgairt an tiorar amach. Is mise rí na n-éan. Ach bhí an dreoilín i bhfolach faoi eiteóg an iolar agus nuair a sgairt an tiolar. Le sin léim an dreoilín amach as faoi eiteóg an iolar agus sgairt sé amach. Is mise rí na n-éan, agus ba é rí na n-éan ó sin amach.- Bailitheoir
- Gráinne Nic Ghloinn
- Inscne
- Baineann