Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 581
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí Conall Ó Baoighill na chomhnuighe sna Rosaibh, agus oidhche dá raibh sé amuigh casadh an sluagh sídhe air agus iad ag dul suas go Connachta le cailín dóigheamhail a bhí ann a thabhairt leo.”
Sean Sgéal.Bhí Conall Ó Baoighill na chomhnuidhe ‘sna Rosaibh, agus oidhche dá raibh sé amuigh casadh an (slag) sluagh sídhe air agus iad ag dul suas go Connachta le cailín dóigheamhail a bhí ann a thabhairt leo anuas go Dún na Séad mar ar chomhnuigh siad. Mar nach dtiocfadh leo an cailín a thabhairt leo gan duine saoghalta bheith ar mhuin an chapaill léithe thug siad leo Conall suas. Chuir siad an cailín ar chúlaibh Chonall agus D’fhill ar an mbaile. Bhí a chluasa fosgailte ag Conall agus bhí sé ag eísteacht le na gcomhrádh ar an mbealach anuas. “Is mór an truaighe truaighe arsa duine acu”, gan í ag Conall óir is breagh an cailín í “Ar a thoil fhéin atá”, arsa duine eile. Má tá taitneamh aige di, níl aige ach fáinne a ghearradh timcheall uirthi agus ní bhéidh de chumhacht ag aonduine againne baint léithe. D’fhan Conall go raibh sé ar ais sna Rosaibh, agus nuair a fuair se faill ar na daoine beaga. Ghearr sé fáinne thart air fhéin agus ar an gcailín. Ach sul a rabh an fáinne déanta aige, bhuail duine de na daoine maithe an cailín le slaitín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic Na Midhe
- Inscne
- Baineann