Scoil: Druim Caoin
- Suíomh:
- Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán A. Ó hArthaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim Caoin
- XML Leathanach 139
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thóin in-áirde.
Tá dia láidir agus mathair mhaith aighe
Mar ‘n-iarrfaidh tú ní bhfuighadh tú.
An áit ‘a mbíonn an tór téidh go léor amudha dó.
Ag magadh ar an t-saoghal agus an saoghal ag magadh ort.
Sgeardan éan as gach alt.
Stráin seár in aice an dáinsiúir agus an (baile) bearrach féir in-aice an dorais.
Tá min agam agus tá móin agam as tá an saoghal na shuidhe ar a thóin agam.
Is buaine rud na duine.
Is maith an rud a mhaireas í gcomhnuidhe.
Da mbionnan baramhail do gach duine b’ionnan dath dá gcuid éadaigh.
An t-é ‘rinne neamh agus talamh bíonn an chuid is fearr aige féin
Cam, díreach, an ród sé an bealach mór an áith-ghiorra.
Fuaireann grádh gród-maireann fuath í bhfad
An t-é na truagh leis do chás na déan do ghearán leis.
‘Mairidh tú fa shaoghal as fa shláinte.
Fághann an duine rian í gcomhnuidhe buaidh an aincil.
An gaoth anoir bíonn sé tur,
As cuireann sí olann ar chaoirigh;
An gaoth aniar bíonn sí fial
As cuireann sí iasg ar líontaibh;(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán A. Ó hArthaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall