Scoil: Druim Caoin
- Suíomh:
- Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán A. Ó hArthaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim Caoin
- XML Leathanach 157
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ann am amháin agus bhí triur mhac aige. Ní rabh fhios aige cadé dhéanfadh sé leóbhtha.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Gasur a bhí ag tabhairt a gcuid dos na muca fuair sé isteach as d'innis sé do'n righ go rabh Gaedheal pósta ar an inghean. D'éirigh an rí, thug sé leis a ghunna 'gabhail a sgaoileadh. Dubhairt an bháinrioghan go rabh sé náiriste gaiscidheach a bhí comh maith leis a scaoileadh agus é pósta ar a inghean.
Dubhairt an rí leis go rabh leitir scrióbhtha aige le cur chuig a dhearbhrathar, ach go rabh tarbh droch-mhúinte ar a' bhealach as na bhfuigheadh sé duine ar bith a rachadh leithe. Chuaidh seisean. Annsin nuair a bhí sé ag gabhail a luighe caitheadh síos é san áit nach rabh dadaidh acht sgaifte diabhal. Thoisigh siad-san 'gabhail a ithe. Rug sé greim dhá chois? ar cheann aca. Thoisigh sé ortha gur mharbhuigh sé iad. Bhí sé annsin seacht mbliadna beó ar an bhroc a bhithear a' caitheamh síos aca san. Oidhche amháin chonnaic sé réaltóg. Fuair sé aníos ó step go step go dtáinic sé aníos ag colbha na leabtha ionnsar an áit a caitheadh síos é. Fuair sé culaith éadaigh ag colbha na leabhta uair? airgid ann a phoca. Fuair sé an glas do iomlán na ndoirse. Nuair a fuair sé amach bhí beathach capaill ann, srain agus diallad uirthí agus a ceann amach ar an doras.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán A. Ó hArthaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall