Scoil: Druim Caoin

Suíomh:
Droim Caoin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán A. Ó hArthaighe
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1101, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1101, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim Caoin
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear ann am amháin agus bhí triur mhac aige. Ní rabh fhios aige cadé dhéanfadh sé leóbhtha.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    uilig cruinn aige ar eagla go muirbhfeadh an "bullaí" é. Bhí an troid le bheith ann ar a sé a chlog ar maidín. Chodlaigh fear a' toighe. Fuair seisean na páirce ar maidin. Scáirt an bullaí an rabh sé annsin. Dubhairt seisean go dtroidfeadh sé 'na áit. "Ní mhairfidh an troid í bhfad," arsa'n bullaí. Bhain sé an ceann de'n bhullaí.
    Nuair a d'éirigh fear a' toighe d'amharc sé ar an chlog. Dubhairt sé go rabh sé náiriste nach dtabhairfidhe ainm go brath air ach cladhaire. "Nuair a bhí tusa comh maith is bhí tú rinne mise an jab beag sin duit" - tharraing aníos ceann bhullaí. Dubhairt sé nar fearr leis rud ar bith na sin. D'iarr sé an méid óir as airgid ba mhian a thabhairt leis é a dheánamh.
    D'innis an gaiscidheach caidé déirigh dó.
    Buaileadh an droma mór. Bhí dhá chéad saighdiúr ar an tsráid í mbomaite. Fuair siad fhad le teach a' ríogh as mharbhuigh siad deireadh. Thug sé an seanfhathach agus an tseanbhean leis. Tá siad na gcomhnuidhe go maith ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán A. Ó hArthaighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann Léithín, Co. Dhún na nGall