Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)

Suíomh:
An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Peadar Mac Gaoithín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 147

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 147

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Trian Caol
  2. XML Leathanach 147
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear as an áit seo ag deanamh Fóghmhair in n-Albain aon uair amháin, agus bhí séasúr iongantach fluich ann. Bhí sé ag cur ó lá go lá. Thainig Dómnach agus bhí lá te greine. D'éirigh an maighistear go luath agus mhusgal sé an t-Éireannach. D'iarr sé air deifre a dhéanamh, agus a dhul amach i gcoinn a ghnoithe. "Caide áta ag teacht ort" ars' an t-Éireannach "no nach bhfuil fhios agat gur indiu an Dómhnach". "Tá fios agam" ars' an maighistear, "ach caithfear fiacháil leis an bhárr a shábháil." "Sabháil leat é" ars' an t-Eireannach "níl mise ag gabhail amach a sh'obair indiu." "Na feall orn" ars' an maighistear "agus mo bhárr i gcontabhairt. "Feallaidh me ort indiu" ars' an t-Éireannach. "Níor oidir mise araimh ach na sé l a san t-seachthmhain agus glach mé i gcómhnuidhe an seachtmhadh lá fa choinne shithiste. Sin mar a d'órduigh an nDia dúinn agus níl mise a' ghabhail taobh thall de dhlígeadh Dé." "Bhfuil tú ag déanamh" ars' an maighistear go fearrgach" nach bhfágham-sa ' na bhFlaitheas comh maith leatsa" Chan fhághann" ars' an t-Éireannach "na ma gh eibh is tú an chead fhear araimh as do thir a fhuair", Caide mar atá fhios agat" ars' an maighistear. "Bhí aithne agam" ars' an t-Éireannach "ar fhgear as do thír a fuair nás. Ní luaithe a d'fhág an anal é na ruinne sé sirewach na Flaithis. Ar a ghabhail do go dtí an geafta do cé thainig amach ach Naomh Peadaar, "C'ainm thú"? arsa Peadar. D'innis sé do. "Cerb' as thú"? "As Alban" ars' eisean. "Tóg ort go t-Albanach bocht " caide atá deanta agam"? "Maise níl a dath" ars Peadar acht níl duine ar bith as do thín annseo ach tú fhéin agus ní fui a bhéith ag deanamh brocháin do duine amháin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Nic Daibhéid
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Crosóga, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Éammon Mac Daibhéid
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Crosóga, Co. Dhún na nGall