Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 255
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.
I bhfád o shoin nuair a bhí mise mo spuraclach ag éirigh aníos ní rabh acht dhá spealadoir o'n Rannaidhe Mhór go dtéighthea fhad le droicheadh na Cuimirce. Ba iad sin Eoghan Fheargal agus Proinnseas Ua Midhe a bhí na gcómhnuidhe i Mín na Gualana. San Fhóghmhar chaiththea fanacht ar na spealadoraigh go dtigeadh do sheal. An uair sin ní thosuigheadh muid a choidhche ar an fhéar go dtéigheadh mí na Lughnasa amach agus annsin bhíodh driopeas an tsaoghail orainn ag feitheamh ar na spealadoraigh. Thoisigheadh siad ar an taoibh shiar de'n bhaile agus bheireadh siad an baile leobhtha aniar. Siocair mar bhí sinne ar an chionn i bfhos chaitheadh muist fanacht go mbíodh bunadhas an bhaile i dtoiseach orainn.
D'oibriughadh daoine an uair sin ó dhubh go dubh a's bhéadh oiread deanta ag fear roimhe na bhricfeasta a's dheanfadh fear in obair lae uilig anois. Bhí biadh spesialta le fághail ag lucht ceirde agus ba é'n gnathas a ndinnear bruitin agus ime thabhairt de'n da spealadoir. Is maith is cuimhneach liom co cruaidh a's d'oibriughmuist mé fhéin a's Conndae 'sugainne le dhá spáid agus toghatoir ag achan spáid ag fiachailt iorad a bhainnt a's dheanfadh a ndinnear bruitin dobhtha. Ba iadsin na blianta indiaidh an droch shaoghail a's ní rabh againn ach blath poirin ar an iomaire. Coir bháis a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Ghaoithin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bóthar Ghuí Íochtarach, Co. Chill Dara
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Gaoithin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall