Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)

Suíomh:
An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Peadar Mac Gaoithín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Trian Caol
  2. XML Leathanach 123
  3. XML “Is Fada liom uaim í”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh an t-amhran seo ag Jimmy Mharcuis no Jimmy na Graith a bhí na chomnuide i gcro cholapach, cnoc litreach. Níl cuimhne agam act an ghiote de
    Bhí mise lú gabhal an ród
    Agus casadh fear beag a’s fear mor orm
    Chuir me’n fear beag an mo phóca
    Agus sgaoil me’n fear mór leis na cailinn
    S’ fada liom uaim í, uaim í, uaim í
    ‘S fada liom uaim an cailin deas
    ‘S fada liom uaim i, uaim i, uaim i
    ‘S iomaidh scéal truama dhinnis sí
    Shiubhal mise shoir agus shiar
    Agus thainig mé ‘nior an aithghiorra
    Ach ní fhaca mó rud ar bith ‘ríamh
    A chorfadh an slíabh le gearrfhíadh
    S’fhad liom uaim í agus
    Níl agam act an aon bhó ‘mháin
    ‘S’ bhí ránuigh de ghamhain bheag dhubh aici
    A’s aithnighim ar thoiseach mo mhná
    Gur géarr go rabh ránuig beag eile aici
    ‘S fada liom uaim i agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge