Scoil: Tóin an tSeanbhaile
- Suíomh:
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Triúr ar aon chiall ag gol in mo dhiaidh-se
Is bean a bhréagfainn mo léan faoi'n bhfód.
Tá mé treith lag níl fáth dhá shéanadh,
Níl mé ar aon chor acht mar an ceó.
A stóir mo cléibh thú nach tú d'fhág liom féin mé
Ag dul sa gcré dhuit,
is tú do chailín óg.
In aois a sé-déag seadh fuair mé féin í,
is ba deas an féirín í ag fear le fághail,
Ba deas a méin, ba deise í féin a súil mar an réalt glas roimh an lá.
Mo ghrád do bhéilín nár chum na bréaga,
Do bhrágha gléigeal mar an sneachta ar aill.
Do dhá chic gléigeal le do leanbh bhréagadh,
A stóir níor fhéad mé do thabhairt ón mbás.
Dhá phósfainn malóid de chaile gránda,
Thóighfeadh go leor orm bheith ag gol in a diaidh,
Acht phós mé réalt do chailín óg deas,
Agus is an a páistín a fuair mé í,
Bfearr liom go mór in mo diaidh san ród í,
Ag bleaghán mo bó is ag réideach mo bhídh,
Ná saidhbhreas Sheoirse is fághaim-se dór bhúidhe,
Is gur faoi na fóidí codluigheas stór mo croidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Mhaoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Mhaoir
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tóin an tSeanbhaile, Co. Mhaigh Eo