Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ta oilean i Loch Corribh agus ta cnoch sa'n oilean sin ar a dtugtar "Cnoch Dunan". Deir na daoine fado go raibh a lan siagoga in a gcomhnuidhe ann.
Bhi bean in a comhnuidhe san oilean agus an oidhche seo bhi se in a shuidhe go deanach ag sniom olna. Bhi si ag obair go breag ar feadh tamaill agus leis sin chuala se cnagh ag an doras agus deir si "Ce ta annsin". Deir duine gur cara a bhi ann agus e a leighint isteach annsin d'fosgail si an doras agus chonnaich si a lan daoine taobh amuigh agus isteach leo in agaidh an mna.
Bhi tuirne agus cairti acu agus thosuig siad ag sniom lei. Tar eis tamaill iarr siad uirthi tae a dheanam doibh. Ni raibh aon uisghe istigh aice chuaidh si go dti an Loch. Nuair a bhi si ag teacht ar ais bhuail si a chos in aghaid cloch agus gortuigh si e agus dubhairt si "mo thubaiste leat" annsin labhair an cloch lei agus dubhairt "Na labhair mar sin liom mise do chara, an bhfuil is agat gur na siagoga ata istigh leat" thainig faitcias uirthi agus deir si "Ce caoi a cuirfead amach iad". "Nuair a rachadh tu isteach abair leo go bhfuil "Chnoc Dunan tre lasu" nuair a cluinfidh siad e sin rithfidh siad amach agus annsin chait amach a tuirne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cosgaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Cosgaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo