Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Nuair a bhíonn an priomplán ag dul ó áit go h-áit.
2. Nuair a téighweann an ghrian faoi agus í dearg
3. Nuair a shéideas gaoth anear andeas.
4. Nuair a bhíonn caoireog ag siubhal isteach sa teach.
5. Nuair a bhíonn néalta ar aghaid na gealaighe.
6. Nuair a bhíonn an lá dorcha.
7. Nuair a chímíd na sleibhte in aice dúinn.
8. Nuair a bhíonn ab cat ag nighe a h-aghaidh agus nuair a chuireann sí a cos taobh thiar dá cluais.
9. Nuair a bhíonn na preacháin ag eiteall in aice na talmhan.
10. Nuair a ghníonn an cat sgríobadh.
11. Nuair a bhíonn an gheallach nua uin a suidhe siar.
Deagh-aimsear
1. Nuair a bhíonn na cearcha amuigh ar fud na páirce.
2. Nuair a fheiceann tú ceó le geallach nua.
3. Nuair a bhíonn an géallach ag taithneamh agus é géal.
4. Nuair a bhíonn na fainelóga thuas go h-árd san spéir.
5. Da bhfeicfidhe tuath-ceatha tráthnóna Dia h-Aoine bheadh an t-seachtmain in a dhiaidh sin go bréag.- Bailitheoir
- Cáit Níc Graith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo