Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- XML Leathanach 054
- XML “Scéal”
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Máire Ní Mhurcadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Sgeal eile
Bhí bean déirce ann agus bhí fear ana-chantalach pósta aice. Bhíodar ag gcomhnuidhe ag diospóireacht. Sa deire d'fágh sí é agus bhailigh leí suas go Cuighe Mumhan. Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas agus tar éis tamall tháinig sí abhail[e] arís. Sé an chéad sgéal a chúala sí go raibh a fear mar[bh] le bliadan. Gabh trúaighe í agus síor [!] leí go dtí an roilig agus go deimhin agus go dearbhtha bhí an uaigh annsin agus go leor leor driseóga agus neantóga ag fás inntí. Cháit sé [!] i féin ar a dhá glúin agus í ag gol agus ag padroicht agus ag bualadh a bos go truaighmhéala[ch.] Nuair a dhóigh neantóg í léim sí suas de gheit agus dubhairt go feargach - "Maise, sgread bhainne ort annsin, a theipeacháin grána. Beo nó marbh tá nimh ionnat i gcómhnaidhe."