Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- XML Leathanach 106
- XML “Fionn agus an Chaoi a bhFuair sé Bean”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin bhí Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach. Chaitheadar an lá ar ghleann is ar bheann, ins na coilltibh, is ní bhfuaireadar aon nídh fós. Ins an tráthnóna agus iad ag teacht abhaile do dhúisigheadar eilith maol. Do leanadar í go dtí go rabhadar go léir tuirseach acht amhain Fionn agus a dhá mhadra Bran agus Sceolán. Do lean siad an eilith agus nuair a bhí siad i lár macaire móir agus an oidhche ag tuitim orra do stad an eilith. Thosuigh Bran agus Sceolán ag deanamh spóirt leis an eilith in ionad í do mharbh. Chuir sin iongnadh ar Fionn agus níor mhaith leis chuir isteach ar cor ar bith orra. Is minic do iompuigh sé chun dul abhaile .Bhí seacht uaire níos mó iongnadh anois air nuair a chonnaic sé an eilith dhá leanmaint agus ag déanamh spóirt le Bran agus Sceolán. Bhí Fionn 'na cómhnuidhe an uair seo cupla mile amuigh ó Cill Dara. Ní raibh se acht isteach in párlús nuair a tháinig bean óg uasal isteach in diaidh. Ní raibh fhios ar Fionn cerbh' í.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáith Ní Graith
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Cathair na Bláiche, Co. Mhaigh Eo