Scoil: Cathair Loisgreáin (B)
- Suíomh:
- Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic de Chlár
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)207
d'fhiafruigh an mháthair dhe ce'n céard a bhí aige. Dubhairt sé gur fobhailéar a bhí ann. Shocruigh an mháthair ubh ar cheann an ghaduidhe agus dubhairt sí leis an bhfobhailéar caitheamh leis an ubh agus gan aon ruibe gruaige a chorruighe dá cheann. chaith sé leis an ubh agus níor chorruigh aon ruibe gruaige dá cheann. Thuit an ubh agus níor briseadh í.
D'fhiafruigh sí de'n tríomhadh mac ce'n céard a bhí aige sin agus dubhairt se gur siúinéir a b'eadh é. ''Má tá tú i ndo shiúinéir cuir an ubh sin le chéile'' adeir sí. Chuir sé an ubh le céile. Dubhairt an mháthair annsin ''Níl fhios agam cé agaibh is fearr nó ce agaibh an dtabharfaidh mé an talamh dó. Mar sin caithfidh sibh dhul amach go ceann trí bliana eile''. Bhí go maith. D'imthigh an triúr mac agus ar an mbealach casadh rí dóibh agus é ag caoineadh. D'fhiafruigh siad de céard a bhí air. M'inghean ata amuigh ag iolrach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padhraic de Clár
- Inscne
- Fireann